Ionadaí
Má tá an gearán seo á dhéanamh agat thar ceann duine eile nó cuideachta, beidh ort toiliú a thabhairt ón duine nó ó stiúrthóir na cuideachta a bhfuil tú ag déanamh ionadaíochta uirthi.
Faoi bhun 18 mbliana d’aois
Má tá tú faoi bhun 18 mbliana d’aois, is féidir leat gearán a dhéanamh tú féin nó is féidir le duine eile an gearán seo a dhéanamh duit.
Má iarrann tú ar dhuine eile an gearán seo a dhéanamh duit, beidh ort toiliú a thabhairt dóibh do ghearán a dhéanamh.
Ní mór don ionadaí an fhaisnéis ar fad ar an bhfoirm seo a líonadh isteach. Mura líonann tú isteach an t-eolas go léir a theastaíonn uainn, d’fhéadfadh sé moill a chur ar phróiseáil do ghearáin nó ní dhéanfaidh GSOC aon ghníomh eile dá bharr.