Foilsíonn GSOC a Thuarascáil Bhliantúil 2021 – GSOC ag Aistriú

19 May 2022

Foilsíonn GSOC a Thuarascáil Bhliantúil 2021 – GSOC ag Aistriú

Tuairiscítear i dTuarascáil Bhliantúil GSOC 2021 ardú marthanach ar an líon cásanna, agus tuairiscítear gur cuireadh tús leis an obair ullmhúcháin don ‘Aistriú’ chuig sainchúram athchóirithe agus leathnaithe a meastar a dhéanfaidh an comhlacht maoirseachta faoin mBille Póilíneachta, Slándála agus Sábháilteachta Pobail atá le foilsiú.

Dé Déardaoin an 19 Bealtaine 2022

D’fhoilsigh Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (GSOC) a Thuarascáil Bhliantúil 2021, GSOC ag Aistriú, inniu (Dé Déardaoin an 19 Bealtaine 2022). Léirítear sa tuarascáil ardú marthanach ar an líon cásanna a bhí ag an gcomhlacht maoirseachta póilíneachta.

Breathnaítear chun cinn sa tuarascáil freisin ar an leathnú a meastar a thiocfaidh ar shainchúram  GSOC, mar a moltar i scéim ghinearálta an Bhille Póilíneachta, Slándála agus Sábháilteachta Pobail, a foilsíodh i mí Aibreáin 2021. Fáiltíonn GSOC roimh na hathchóirithe molta sin mar “p[h]ointe tosaigh maith … óna mbeifear in ann déileáil le bearna in infreastruchtúr cuntasachta póilíneachta na hÉireann atá sainmhínithe go soiléir agus curtha in iúl le fada”, fad a chuirfear béim ar an tábhacht a bhaineann le hacmhainní leordhóthanacha agus comhoibriú níos fearr a ráthú, má tá an comhlacht athchóirithe chun a shainchúram a chomhlíonadh mar is ceart.

Le GSOC ag Aistriú, tugtar forléargas ar ár gcuid oibre in 2021, lena n-áirítear staitisticí faoin líon gearán a fuarthas, faoin líon imscrúduithe a rinneadh agus faoi na torthaí a baineadh amach. Tháinig ardú 12% ar an méid gearán a fuarthas ón bpobal i rith na bliana, agus ardú 40% ar líon na dtarchur ón nGarda Síochána chuig GSOC tar éis theagmhais a bhain bás nó díobháil thromchúiseach. Tháinig ardú suntasach – 21% – ar líon na gcásanna a dúnadh in 2021 freisin. In 2021, rinne GSOC 60 cinneadh maidir le sárú araíonachta ag comhaltaí den Gharda Síochána, agus d’fhorchuir Coimisinéir an Gharda Síochána smachtbhannaí mar thoradh orthu. Cinneadh cúig chás choiriúla sa chúirt in 2021, a bhain le cúisimh in ionsaí gnéis, ionsaí agus goid. I rith na bliana, stiúir an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ionchúiseamh ar 13 chúiseamh a d’eascair as imscrúduithe GSOC, a bhain le cionta gnéis, ionsaí, sáruithe ar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre agus faisnéis bhréagach a sholáthar.

Agus é ag labhairt faoi fhoilsiú na tuarascála inniu, dúirt Cathaoirleach GSOC, Rory McCabe:

“Chomhlíon GSOC ár sainchúram reachtúil in 2021, rud a thugann léargas dearfach, i gcomhthéacs an líon cásanna atá ag méadú, na n-athruithe móra ar an bhfoireann agus na ndúshlán leanúnach de bharr phaindéim Covid-19, ar fhuinneamh agus tiomantas na foirne ar gach leibhéal.

Breathnaítear ar thodhchaí GSOC sa tuarascáil chomh maith. Cruthófar Ombudsman nua don Gharda Síochána leis na hathruithe ollmhóra a moltar sa Bhille Póilíneachta, Slándála agus Sábháilteachta Pobail, más chuirtear i bhfeidhm iad, Ombudsman a mbeidh feidhmeanna agus neamhspleáchas a bheidh feabhsaithe go suntasach aige. Pointe tosaigh maith é seo óna mbeifear in ann déileáil le bearna in infreastruchtúr cuntasachta póilíneachta na hÉireann atá sainmhínithe go soiléir agus curtha in iúl le fada. Má táthar chun aidhmeanna an athchóirithe a bhaint amach, is ríthábhachtach é acmhainní agus baill foirne leordhóthanacha, chomh maith le saineolas agus comhoibriú leordhóthanach a ráthú.

Is é an tosaíocht atá agamsa agus ag mo chomhghleacaithe sa Choimisiún, cur leis an mbunobair a rinneadh in 2021 ionas go ndéanfaidh GSOC aistriú gan uaim chuig an ról nua a sholáthróidh an tOireachtas.”

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Gníomhaireacht neamhspleách reachtach is ea Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (GSOC) a cuireadh ar bun in 2007 faoi Acht an Gharda Síochána, 2005.

Tá sé mar fheidhm aige déileáil le nithe a bhaineann le mí-iompar féideartha ag comhaltaí den Gharda Síochána, ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach, cothrom.

Tá Coimisiún an Ombudsman comhdhéanta de thriúr comhaltaí. Is iad na comhaltaí reatha:

  • An Breitheamh Rory MacCabe, Cathaoirleach, a ceapadh i mí Eanáir 2022. [Tháinig deireadh le téarma an Chathaoirligh roimhe sin, An Breitheamh Mary Ellen Ring, an 11 Nollaig 2021]
  • An tUasal Hugh Hume, a ceapadh i mí Feabhra 2021
  • Emily Logan Uasal, a ceapadh i mí Feabhra 2021

Faoi Alt 80 den Acht, ceanglaítear ar GSOC Tuarascáil Bhliantúil a chur faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt. Cuireadh Tuarascáil Bhliantúil 2021 faoi bhráid an Aire an 31 Márta 2022, agus foilsíodh inniu í Dé Déardaoin an 19 Bealtaine 2022).

Tá sí ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ANSEO.

Príomh-fhíorais agus príomh-fhigiúirí ó Thuarascáil Bhliantúil GSOC 2021

2021 i bhfigiúirí

  • Bhí 852 chás ar láimh amhail an 1 Eanáir 2021
  • Osclaíodh 2,189 ngearán, ina raibh 3,760 líomhain (ardú 12%)
  • Cinneadh go raibh 61% de ghearáin inghlactha
  • Osclaíodh 557 n-imscrúdú coiriúil agus 752 imscrúdú neamhchoiriúil
  • Fuarthas 59 dtarchur ón nGarda Síochána maidir le hábhair inar cosúil go raibh ‘bás nó díobháil thromchúiseach duine mar thoradh ar iompar chomhalta den Gharda Síochána’ (ardú 40%). Chun miondealú ar imthosca na dtarchur sin a fháil, féach lch. 56;
  • Dúnadh 2,078 ngearán (ardú 21%);
  • Osclaíodh 13 imscrúdú chun leas an phobail (imscrúduithe iad sin a dhéantar in éagmais gearán nó tarchur ó Choimisinéir an Gharda Síochána);
  • Fuarthas 20 nochtadh cosanta;
  • Seoladh 21 chomhad chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
  • D’ordaigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí 13 ionchúiseamh ag eascairt as 10 gcinn de na comhaid a cuireadh ar aghaidh chuige. D’ordaigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nach ndéanfaí ionchúiseamh in 11 chás.
  • Cinneadh 5 chás coiriúla sa chúirt in 2021, ina bhfuarthas daoine ciontach in ionsaí gnéis, ionsaí agus goid.
  • Rinne GSOC 60 cinneadh maidir le sárú araíonachta, agus d’fhorchuir Coimisinéir an Gharda Síochána smachtbhannaí ar na Gardaí ciontacha mar thoradh orthu.

Cás-Staidéir agus Moltaí Córasacha

Tá réimse cás-stáidéar i dTuarascáil Bhliantúil 2021 a d’eascair as an obair imscrúdaithe a rinneadh in 2021, agus leagtar amach na moltaí a rinneadh don Gharda Síochána i gcás inar nochtadh fadhbanna córasacha i rith imscrúduithe GSOC. Tá cás-staidéir ó thionscnamh GSOC, Idirghabháil Áitiúil, chomh maith.  Féach leathanaigh 48-53, 65, 68-69 agus 71-73. Tugtar ansin samplaí de:

  • Sáruithe araíonachta lena n-áirítear: mainneachtain líomhaintí maidir le mí-úsáid a imscrúdú; iompar díchreidiúnach; mainneachtain fianaise a aimsiú; mí-úsáid údaráis;
  • Cúisimh choiriúla agus pianbhreitheanna lena n-áirítear maidir le hionsaí gnéis, foréigean teaghlaigh, ionsaí agus goid
  • Cinneadh GSOC in imscrúdú amháin go bhféadfadh gur shábháil gníomhartha Gardaí beatha duine nó gur choisc siad tuilleadh gortaithe
  • Réiteach sásúil ar ghearáin ar leibhéal seirbhíse via thionscnamh idirghabhála áitiúla GSOC, i gcomhar le cigirí ainmnithe an Gharda Síochána
  • Eisíodh moltaí córasacha chuig Coimisinéir an Gharda Síochána faoi bheartas agus cleachtas an Gharda Síochána, lena n-áirítear maidir le: taifid ar úsáid feithiclí a choimeád; sláinte agus sábháilteacht in áiteanna ina mbíonn daoine faoi choimeád; cuidiú le daoine den phobal agus dídean á lorg acu i stáisiúin na nGardaí; agus cuidiú le daoine atá i mbaol féinmharaithe.

Ullmhúcháin GSOC in 2021 don ‘Aistriú’

Scéim an Bhille Póilíneachta, Slándála agus Sábháilteachta Pobail

Foilsíodh cinn an Bhille Póilíneachta, Slándála agus Sábháilteachta Pobail i mí Aibreáin 2021 agus tá siad ar fáil ANSEO.

Féachtar leis an dreach-reachtaíocht fhadréimseach aghaidh a thabhairt ar roinnt de phríomh-mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Póilíneachta, ina measc cumhachtaí, neamhspleáchas agus sainchúram Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána a leathnú.

D’fhoilsigh GSOC tuairimí faoi scéim an Bhille i mí na Nollag 2021, agus tá siad ar fáil ar láithreán gréasáin GSOC ANSEO. Cuirtear fáilte ghinearálta i dtuairimí GSOC roimh na moltaí sa dréacht-reachtaíocht maidir le cumhachtaí imscrúdaithe GSOC a leathnú agus a athstruchtúrú, ach cuirtear béim ag an am céanna ar an tábhacht a bhaineann le neamhspleáchas, acmhainní leordhóthanacha agus comhoibriú na nGardaí.

Mar ullmhúchán do na hathchóirithe sin, bhunaigh GSOC grúpa tras-eagraíochtúil do thionscadal an aistrithe in 2021 lena chinntiú go gcuirfidh an eagraíocht lena cumas tabhairt faoin ról a shamhlaítear sa dréacht-reachtaíocht. Áirítear leis sin tús a chur le hathbhreithniú cuimsitheach ar struchtúr agus anailís ar ghnó mar bhonn faisnéise do na héilimh a dhéanfar ar an eagraíocht athchóirithe sna réimsí gnó, foirne agus acmhainní. Tabharfar an t-athbhreithniú sin chun críche in 2022. Is tosaíocht lárnach de Ráiteas Straitéise GSOC 2021-2023, a foilsíodh i mí an Mhárta 2021, é ullmhú don aistriú.

Title Size Type Last Updated

Tuarascáil Bhliantúil 2021 - GSOC ag Aistriú

6.10 MB pdf 18 May 2022

2021 Annual Report - GSOC in Transition

2021 report submitted in accordance with the Garda Síochána Act, 2005

6.24 MB pdf 18 May 2022